Tuairimí á lorg ag an Aire Ó Riain um Fhorbairt an Fhuinnimh Gheoiteirmigh in Éirinn
Iarrtar freagraí nach déanaí ná 31ú Iúill2008
Baile Átha Cliath, 4ú Meitheamh 2008
Sheol an tAire um Fhuinneamh comhairliúchán poiblí inniu faoi na roghanna atá ann chun fuinneamh geoiteirmeach a fhorbairt in Éirinn.
Séard atá san fhuinneamh geoiteirmeach ná fuinneamh i bhfoirm teasa i dtaisce faoi dhromchla an dlúthdhomhain. Is minicí an teas inúsáidte a fháil i bhfoirm uisce te nó gal uisce (suas le 370OC). Is féidir fuinneamh geoiteirmeach a bhaint ar dhá bhealach, i dtús báire i bhfoirm leictreachais le gléasra cumhachta a úsáideann gal uisce nó teas chun tuirbín-ghineadóir a rith lena ghiniúint, agus arís mar theas. Baineann teicneolaíochtaí agus cuir i bhfeidhm éagsúla le gach cineál díobh ann féin.
Tá cuireadh anois ón Aire dóibh siúd go bhfuil suim acu ann a gcuid tuairimí faoi cheisteanna teicniúla, dlíthiúla agus rialála a bhaineann le réimeas rialála comhréireach réadúil um fhuinneamh geoiteirmeach a úsáid in Éirinn a sheoladh isteach.
Ag fógairt an chomhairliúcháin dó, dúirt an tAire: “Is ard-phointe ar chlár oibre ag formhór de rialtais na hEorpa é fuinneamh inmharthana, agus uaidh sin fuinneamh geoiteirmeach, de bharr athrú aeráide agus de bharr tiomantas an Aontais Eorpaigh (AE) do Phrótacal Kyoto. Creidim gur ghá réimeas rialála agus riartha a chur i ngníomh más amhlaidh go bhfuiltear chun an acmhainn geoiteirmeach a fhorbairt chuig leibhéal atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de.
“Chuige seo tá Grúpa Oibre neamh-fhoirmiúil tionólta agam, grúpa a thabharfaidh tuarascáil dom faoi dheireadh na bliana. Breithneoidh mé ansin conas an cheist seo a chur chun cinn a thuille.”
Iarrtar aighneachtaí a sheoladh nach déanaí ná scoir oibre an 31ú Iúil seo chugainn agus féadfar iad a sheoladh trí mheán ceistneora ar-líne ar www.GeothermalConsultation.ie. Ar a mhalairt feadtar aighneachtí a sheoladh le ríomh-phost, leis an bpost nó le faics chuig:
An Comhairliúchán Geoiteirmeach,
Rannóg na Taiscéalaíochta agus na Mianadóireachta,
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,
Tor an Bhacaigh,
Bóthar Haddington,
BÁC 4.
Ríomh-phost: geothermalconsultation@dcenr.gov.ie
Teil: (01) 678 2513
Ló-ghlao: 1890 44 99 00
Faics: (01) 660 9627
CRÍOCH
Nóta d’eagarthóirí:
Measúnaíodh acmhainneacht na hÉireann um fhuinneamh geoiteirmeach san Tuarascáil Dheiridh ar Léarscáil Acmhainneacht Fhuinnimh Gheoiteirmigh na hÉireann a ullmhaigh CSA ar son Fhuinneamh Inmharthana Éireann a fhoilsigh í in Iúil 2004. Féadfar teacht ar an dtuarascáil sin (i mBéarla) ar http://www.sei.ie/uploadedfiles/FundedProgrammes/FinalReport.pdf